Ábhar Scoile taispeántas idirghníomhach
Acmhainn ildaite, idirghníomhach agus tarraingteach chun Ábhair Scoile a mhúineadh agus a chleachtadh le scoláirí Gaeilge. Tá béim láidir ar an gcumarsáid, ar rannpháirtíocht ghníomhach na scoláirí agus ar úsáid na Gaeilge sa seomra ranga.
Tógtar an fhoghlaim céim ar chéim ó fhoclóir bunúsach na n-ábhar scoile go dtí tuairimí a thabhairt agus a chosaint, ceisteanna a chur ar scoláirí eile, téacs a léamh agus a thuiscint, agus píosa gearr scríbhneoireachta pearsanta a chruthú.
San acmhainn seo tá:
Cad é an tÁbhar? – gníomhaíochtaí amhairc chun foclóir na n-ábhar scoile a mhúineadh agus a dhaingniú.
Cad atá sa Mhála? – cluiche tomhais agus aisghabhála foclóra bunaithe ar leideanna amhairc.
Greim Gramadaí – míniú simplí, amhairc ar ábhar → an t-ábhar agus ar an Tuiseal Ginideach in Ábhair Scoile.
An Teirmiméadar Tuairime – bealach spraíúil chun nathanna ar nós Is aoibhinn liom, Is breá liom, Is maith liom, Ní maith liom agus Is fuath liom a thuiscint agus a úsáid.
Ceithre Cúinne – gníomhaíocht ghluaiseachta ina roghnaíonn scoláirí a dtuairim agus ina labhraíonn siad faoina roghanna.
Cén Fáth? – scafall teanga chun cúiseanna a thabhairt agus freagraí níos iomláine a chruthú.
Corn Domhanda na nÁbhar Scoile – comórtas ranga ina dtéann na hábhair scoile in aghaidh a chéile. Gan chúis = gan vóta!
An Rang faoi Rún – gníomhaíocht chumarsáideach ina mbogann scoláirí timpeall an tseomra, ag cur ceisteanna agus ag bailiú eolais óna chéile.
Tuairisc Scoile – tuairisc bhréige scoile le léamh, ceisteanna tuisceana agus stór focal úsáideach.
Cad a déarfadh do mhúinteoirí fút? – tasc pearsanta ina ndéanann scoláirí tuar faoina dtuairisc scoile féin agus faoina gcuid gráid.
Scileanna a fhorbraítear
Tugann an acmhainn deiseanna do scoláirí éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh trí réimse gníomhaíochtaí aonair, beirte, grúpa agus ranga iomláin. Cuirtear béim ar fhreagraí iomlána a fhorbairt – ó fhocal amháin, go tuairim, go cúis, go comhrá agus ar deireadh go téacs scríofa.
Tá intinní foghlama agus critéir ratha soiléire san áireamh, chomh maith le scafall teanga ar fud na hacmhainne chun tacú le scoláirí agus iad ag éirí níos neamhspleáiche ina gcuid Gaeilge.





